* Home
* Staff
* St. Cuan's N.S.
* Resource Centre
* Policies
* Projects
* School History
* Calendar
* Activities
*
* Kilbaha
* Folklore
   

Local Folklore

 

 

 

 

An Stiallara

Bhí fear ina chonaí i gCoill Bheathach timpeall ceithre fichid bliain ó shin. Bhí an Stiallara mar leas ainm air. Bithiúnach mór ba ea é. Bhí sé ag gabháil timpeall ag obair do na feirmeoirí. Bhí sé ag stolladh na h-olna de na caoirigh a bhí ag na feirmeoirí.
D’éiríodh sé ar maidin tar éis a bheith ag stolladh san oíche agus deireadh sé ‘Ó nach breá an tír é’. Lá amháin bhí sé ag bualadh coirce i dteach chomharsain agus bhí sean léine á chaitheamh aige. Thug bean an tí léine dó.

An oíche bhí sé ag stolladh caoire don bhean agus ní raibh aon rud aige chun an t-olann a chur isteach ann. Bhí eagla air agus níorbh fhurasta eagla a chur air. D’fhág sé an léine ina dhiaidh agus theith sé. Bhí sé ag obair sa teach chéanna lá arna mhárach agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig madra an tí isteach agus an léine ina bhéal aige agus é lán d’olann. D’aithin bean an tí an léine agus bhí sí ar dhearg bhuille mar gheall ar an gníomh náire a bhí déanta aige. Bhí a fhios ag gach duine ansin cérbh é an bithiúnach

 

 

 


   
St. Cuan's National School
Kilbaha
Kilrush
County Clare
Tel: 065 9058212